Seachtain na Gaeilge 2018

Seachtain na Gaeilge 2018
Whole School
Monday, March 12, 2018 - 00:00 - Friday, March 16, 2018 - 00:00

Bhí Seachtain na Gaeilge a cheiliúradh ag cailíní agus muinteoirí Loreto le coicís anuas. Bhí béim ar labhairt na Gaeilge le linn Seachtain na Gaeilge. Rinne na cailíní iarracht mhór an Ghaeilge a labhairt agus bhí siad ag úsáid na frásaí agus focail Gaeilge atá foghlamtha acu i rith an choicís. Bhí réimse leathan imeachtaí ar siúl sa scoil le linn Seachtain na Gaeilge. Bhí tráth na gceist ag na ranganna sinsearacha agus bhí ceardlann cartúin ag na ranganna sóisearacha. Bhí comórtas ealaíona ar siúl agus bhí ar na cailíní pictiúr a tharraingt le cur síos a dhéanamh ar sean fhocail. Bhí ceolchoirm againn agus bhí píosa siamsaíochta churtha i láthair ag gach rang. Bhí réimse leathan dánta, amhráin agus sceitsí ar an stáitse le linn an cheolchoirm. D'fhoghlaim gach rang damhsa gaelach, agus rinne siad táispeantais ag an cheolchoirm freisin. Rinne na ranganna sinsearacha ceardlann Cumann Lúthchleas Gael le Miss Timmons inar fhoglaim siad na scileanna a bhaineann le na cluichí gaelacha. Bhí spórt agus spraoi againn agus muid ag ceiliúradh ár teanga agus ár gcultúr!